Soláthraithe Oideachais
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Scileanna Digiteacha
- Soláthraithe Oideachais
- Soláthraithe Scileanna Digiteacha
Ionad Teanga na Gaillimhe Bridge Mills
Cuireadh tús leis an scoil i 1987 le grúpa beag múinteoirí ar mian leo a chur ar chumas mac léinn sármhaitheas acadúil a bhaint amach agus ardchaighdeán airde pearsanta a thabhairt do mhic léinn a thagann ar cuairt ó áiteanna thar lear chun staidéar a dhéanamh ar an mBéarla i nGaillimh. Le 33 bliain anuas tá leathnú déanta againn ar an scoil agus anois bímid ag feidhmiú ar feadh na bliana mar scoil do dhaoine fásta ina bhfuil 20+ múinteoir ag obair agus a bhfreastalaíonn 150 mac léinn uirthi ar an meán in aghaidh na seachtaine (lánaimseartha agus páirtaimseartha), ach ní dhearnamar dearmad riamh ar na prionsabail a bhí againn ag an tús.
Is cúis áthais dúinn a bheith inár n-ionad oiliúna múinteoirí do chúrsaí TEFL agus táimid creidiúnaithe ag Scrúduithe Cambridge agus scrúduithe TIE mar ionaid scrúdaithe don dá scrúdú idirnáisiúnta sin. Tá an scoil creidiúnaithe go hidirnáisiúnta ag ACELS (Roinn Oideachais na hÉireann), QQI, EAQUALS, ALTO, MEI agus Quality English.
Cineál cúrsa | Lánaimseartha, páirtaimseartha agus anois ar líne |
Seoladh | Muilte an Droichid, Sráid an Droichid, Gaillimh |
Suíomh gréasáin | www.galwaylanguage.com |
Sonraí teagmhála | 091 566 468 |
Scoil Ghnó na Gaillimhe
Tá Scoil Ghnó na Gaillimhe ar cheann de na príomhcholáistí neamhspleácha tríú leibhéal in Éirinn.
Cineál cúrsa | Cláir lánaimseartha agus páirtaimseartha |
Seoladh | Teach GCI, An Phromanáid, Bóthar na Trá, Co na Gaillimhe |
Suíomh gréasáin | https://www.galwaybusinessschool.ie/ |
Sonraí teagmhála | info@galwaybusinessschool.ie |
Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe Maigh Eo (GMIT)
Cuireann GMIT cúrsaí fochéime agus iarchéime ar fáil ar a chúig champas in iarthar na hÉireann; Bóthar Bhaile Átha Cliath agus Bóthar Mhuine Mheá i gCathair na Gaillimhe, Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, Leitir Fraic agus An Creagán i gCo. na Gaillimhe, le tacaíocht ó thrí ionad taighde agus dhá Mhol Nuálaíochta.
Is í an Dr Orla Flynn ceann na heagraíochta, agus tá sí i gceannas ar phobal de 700 ball foirne agus 7,000 mac léinn atá scaipthe ar fud an réigiúin.
Cuireann an institiúid os cionn 100 cúrsa CAO ar fáil sa Talmhaíocht, Gnó, Ríomhaireacht & Eolaíocht, Dearadh & na hEalaíona Cruthaitheacha, Innealtóireacht, Dearadh & Teicneolaíocht Troscáin, Óstán & Turasóireacht, Altranas & Cúram Sóisialta, agus Oideachas Allamuigh, chomh maith le cúrsaí uasoiliúna Springboard agus cúrsaí iarchéime, cuid mhór acu a chuirtear ar fáil ar líne. Tá gné láidir phraiticiúil ag baint le cúrsaí fochéime GMIT mar aon le comhpháirt chreidiúnaithe san ionad oibre.
Tá GMIT agus a chomhpháirtithe IT Shligigh agus IT Leitir Ceanainn i gComhghuaillíocht Chonnacht Uladh (CUA) ag obair i gcomhar chun go ndéanfar Ollscoil Teicneolaíochta don Iarthar agus don Iarthuaisceart díobh.
Cineál cúrsa | Cúrsaí lánaimseartha, páirtaimseartha agus ar líne |
Seoladh | Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, H91 DCH9 |
Suíomh gréasáin | www.gmit.ie |
Ríomhphost | Admissions@gmit.ie |
Fón | 091 742305 nó 753161 (príomhuimhir) |
An Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh
Is carthanas neamhspleách í an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh atá meáite ar a chinntiú go bhféadfaidh daoine le deacrachtaí litearthachta agus uimhearthachta páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus rochtain a fháil ar dheiseanna foghlama a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.
Is í an fhís atá againn ná Éire ina bhfuil luach ar cheart na litearthachta d’aosaigh, áit ar féidir le gach duine a scileanna litearthachta, uimhearthachta agus scileanna digiteacha a fhorbairt, agus inar féidir le daoine aonair páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.
Is príomhfhórsa feachtasaíochta agus brústocaireachta muid ar shaincheisteanna litearthachta d'aosaigh. Tá baint againn le teagascóirí a oiliúint, ábhair theagaisc a fhorbairt, seirbhísí cianoideachais, beartais a cheapadh, taighde agus feachtais chun feasacht a mhúscailt ar na cúiseanna le deacrachtaí litearthachta d’aosaigh in Éirinn, méid na deacrachtaí sin agus freagairtí orthu.
Foghlaim le NALA
Tá a fhios againn go mbíonn sé deacair uaireanta an t-am a fháil chun cúrsa a dhéanamh. Sin an rud is fearr faoinár Seirbhís Cianfhoghlama. Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh leat féin ar líne nó oibriú le teagascóir ar an bhfón. Nó, is féidir leat teaglaim díobh sin a oireann do do stíl mhaireachtála a dhéanamh. is féidir tuilleadh eolais faoi na cúrsaí a thairgtear a fháil anseo.
Seoladh | Sandford Lodge, Clós Sandford, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6, Éire, DO6 YF65. |
Suíomh gréasáin | www.nala.ie |
Sonraí teagmhála | 1800 20 20 65 nó téacsáil LEARN chuig 50050 |
SOLAS eCollege
Cuireann eCollege cláir oiliúna ar fáil go hiomlán ar líne, glacann siad le mic léinn nua ar bhonn leanúnach, agus maoiníonn SOLAS é.
Cineál cúrsa | Cúrsaí páirtaimseartha ar líne |
Suíomh gréasáin | www.ecollege.ie |
Ríomhphost | ecollegeinfo@solas.ie |
Fón | 1800 855 831 |
The Spanish Institute
Is é The Spanish Institute croí-lár na Spáinnise agus chultúr na Easpáinnice i gcathair na Gaillimhe. Cuirimid ceachtanna Spáinnise ar fáil, idir ceachtanna duine le duine agus ar líne, ar leibhéil éagsúla le haghaidh tosaitheoirí go d’fhoghlaimeoirí ardleibhéil.
Cineál cúrsa | Cúrsaí páirtaimseartha, duine le duine agus ar líne |
Seoladh | 58 Sráid Dhoiminic, Gaillimh |
Suíomh Gréasáin | www.spanishinstitute.ie |
Ríomhphost | info@spanishinstitute.ie |
Fón | 091 456345 / 085 7247654 |
Coláiste an Chláirín (GRETB)
Soláthraíonn Coláiste an Chláirín oideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal. Déanann ár nAonad Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta a dhícheall chun mic léinn a ullmhú don obair agus iad a chumasú chun barr a gcumais a bhaint amach, agus déantar an fhoghlaim uilechuimsitheach a chothú ag an am céanna.
Tá sé mar aidhm againn a chur ar chumas mac léinn dul ar aghaidh chuig Institiúidí Ardoideachais trí dhámhachtain QQI agus cuirtear cúrsaí ar fáil ar Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 (NFQ) san Altranas, Tacaíocht Cúram Sláinte, Cúram & Oideachas Luath-Óige, Riarachán Oifige (Rúnaí Leighis), Cuntais & Párolla Ríomhairithe, Cúram Ainmhithe agus Staidéar Sóisialta Feidhmeach.
Forbraímid naisc leis an tionscal trí chláir nuálacha taithí oibre agus turais ábhartha allamuigh agus soláthraímid áiseanna lena n-ionsamhlaítear an domhan oibre - chun cabhrú le mic léinn na scileanna, an t-eolas agus an inniúlacht a fhorbairt chun a n-áit a ghlacadh sa saol oibre agus foghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh.
Cineál cúrsa | Lánaimseartha, foghlaim chumaisc |
Seoladh | An tÁth Nua, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, H65 KC65 |
Suíomh gréasáin | https://clarincollege.ie/ |
Sonraí teagmhála | Patricia.loughnane@gretb.ie |
Ionad Oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB)
Cuireann Ionad Oiliúna GRETB cláir oideachais aosaigh ar fáil trí chúrsaí lae lánaimseartha, cúrsaí tráthnóna nó cúrsaí Sathairn chomh maith le foghlaim cumaisc agus ar líne a sholáthar agus táimid ag forbairt roghanna nua go leanúnach chun freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus an tionscail.
Áirítear na cúrsaí seo a leanas leis na cúrsaí atá ar fáil:
TF: Bunscileanna Deisce Cabhrach, Dearadh Gréasáin, MySQL, CCNA, CompTIA Security +, CompTIA Cloud Essentials agus Ríomhchlárú Java.
Innealtóireacht: Muilleoireacht & Deileadh CAD/CNC agus Táthú Ocsaicéitiléine, Stuatháthú, agus Táthú MIG & TIG.
Iompar: Bus a thiomáint, HGV docht a thiomáint, agus Feithicil Altach a thiomáint.
Eile: Párolla agus Leabharchoimeád de láimh agus ar an ríomhaire, Oibríochtaí seomra íonghlain agus pacáistiú, Scileanna miondíola cógaisíochta, Áineas spóirt, ECDL, Bainistíocht maoirseachta, Tosaigh do Ghnó féin, Scileanna Fáiltithe & Cléireachais, Scileanna slándála dorais & gardála, Freagróir garchabhrach, agus go leor cúrsaí eile.
Riartar an scéim Phrintíseachta do Ghaillimh agus Ros Comáin ó Ionad Oiliúna GRETB.
Tá seomraí ranga, seomraí TF agus ceardlanna lánfheistithe san Ionad. Déanann comhlachtaí scrúdaithe agus gairmiúla a aithnítear go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta na cúrsaí a dheimhniú agus a chreidiúnú – agus ritear go leor acu i rith na bliana. Cuireann an tIonad Oiliúna seirbhísí tacaíochta litearthachta agus uimhearthachta ar fáil atá curtha in oiriúint d’ábhar cúrsa. Áirítear le háiseanna Ionad Oiliúna GRETB ceaintín lán-sheirbhísithe, WiFi, carrchlós saor in aisce, agus táimid lonnaithe go háisiúil ar bhealaí bus áitiúil.
Cineál cúrsa | Lánaimseartha, páirtaimseartha agus ar líne |
Seoladh | Páirc Ghnó Mervue, Bóthar Mhuine Mheá, Mervue, Gaillimh |
Suíomh gréasáin | http://gretbtrainingcentre.ie/ |
Sonraí teagmhála | recruit@gretbtrainingcentre.ie |
Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB)
Is scéim oideachais agus oiliúna dara seans do dhaoine fásta í an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachas (VTOS). Tá na cláir dírithe ar oideachas agus ar dhul chun cinn agus tá siad dírithe ar ghairm bheatha freisin. Coinníonn foghlaimeoirí a gcuid íocaíochtaí ón an Roinn Coimirce Sóisialaí agus, i gcásanna áirithe, bíonn liúntais béile agus taistil ar fáil faoi réir cúinsí an duine aonair.
Cuirtear cúrsaí ar fáil ag Leibhéal 4 agus Leibhéal 5 (NFQ) mar aon le creidiúnú aitheanta sa tionscal sa Chúram Leanaí, Riarachán Gnó, Scileanna marcaíochta agus Gairneoireacht - agus ritheann siad thar an mbliain acadúil ó Mheán Fómhair go Meitheamh ar feadh idir 1 agus 2 bhliain.
Cuireann ár Seirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh faisnéis, comhairle, treoir agus comhairleoireacht neamhchlaonta agus rúnda ar fáil maidir leis na roghanna oideachais atá ar fáil.
Cineál cúrsa | Lánaimseartha agus páirtaimseartha |
Suíomh gréasáin | https://gretb.ie/further-education-training/vtos/ |
Sonraí teagmhála | |
Cathair na Gaillimhe | anne.corrigan@gretb.ie |
Ros Muc | |
Tuaim | Michael.mcdonagh@gretb.ie |
Leitir Fraic | Sorcha.OToole@gretb.ie |
Coláiste Pobail na Gaillimhe
Cuireann Coláiste Breisoideachais Pobail na Gaillimhe níos mó ná 60 clár tráthnóna páirtaimseartha ar fáil thar go leor disciplíní agus faoi láthair freastalaíonn sé ar thart ar 500 foghlaimeoir gach bliain. Tá réimse leathan clár creidiúnaithe agus cláir maidir le hábhair spéise ginearálta ar fáil gach Meán Fómhair agus Eanáir. Déantar na cláir atá á dtairiscint a athbhreithniú agus a nuashonrú gach dhá bhliain, i bhfianaise an éilimh a bhíonn ag athrú agus aiseolais ó fhoghlaimeoirí agus ón tionscal. Tacaíonn ár gcláir tráthnóna leo siúd atá i bhfostaíocht nó atá ag lorg fostaíochta agus tugann siad deis do dhaoine eile gníomhaíochtaí nua a iniúchadh.
Cuirtear raon cúrsaí lánaimseartha ar fáil i réimsí mar shampla an Gnó/Rúnaíocht; Dearadh/Teicneolaíocht; Scannánaíocht/Ceol/Amharclannaíocht; Eolaíocht/Innealtóireacht; Cúram Sóisialta agus Spórt/Eachaí. Soláthraímid cúrsaí tráthnóna creidiúnaithe agus neamhchreidiúnaithe araon gach seimeastar.
Seoladh | Páirc an Tobair, Gaillimh, H91 K642 |
Cineál cúrsa | Lánaimseartha agus páirtaimseartha |
Suíomh gréasáin | http://galwaycc.ie/ |
Sonraí teagmhála | Mairead.wynne@gretb.ie |
Institiúid Theicniúil na Gaillimhe
Tá Institiúid Theicniúil na Gaillimhe (GTI) ar cheann de na príomhcholáistí Breisoideachais in Éirinn, agus cuirtear cúrsaí QQI Leibhéal 5 & 6 ar fáil do níos mó ná 1,100 foghlaimeoir gach bliain ann. Ag GTI, deartar cúrsaí le go mbainfear úsáid láithreach agus phraiticiúil astu san ionad oibre nó mar bhealach chun dul i dtreo an staidéir bhreise agus cáilíochtaí níos airde. Beidh gach rud a fhoghlaimíonn na mic léinn úsáideach dóibh ar feadh a saoil.
Áirítear i measc sampla de na cúrsaí Sláinte Fheidhmeach agus Eolaíochtaí Sóisialta; Ealaín, Dearadh & na Meáin; Faisean; Gnó, Teicneolaíocht: Innealtóireacht agus Dearadh; T.F. & Ríomhaireacht; Gruagaireacht & Sciamheolaíocht; Spórt & Áineas, Cláir Cianfhoghlama agus Ceol. Soláthraíonn an Institiúid ranganna oíche neamh-chreidiúnaithe agus creidiúnaithe gach seimeastar freisin.
Soláthraíonn QQI, CIDESCO, ITEC, CIBTAC, City & Guilds, FAI, CLG, Ceirdeanna Sóisearacha, Ceirdeanna Sinsearacha, ATI [Accounting Technician Ireland] deimhniú freisin.
Seoladh | Bóthar an Athar Uí Ghríofa, An Cladach, Gaillimh. H91 KA49 |
Cineál cúrsa | Lánaimseartha, páirtaimseartha agus ar líne |
Suíomh gréasáin | https://www.gti.ie/ |
Cúrsaí páirtaimseartha | https://www.gti.ie/parttime/courses |
Sonraí teagmhála | gti@gretb.ie |
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte